TraVision Foundation

Ceoltóirí an Lucht Siúil

Éist le seanamhráin agus le saothar nua ón Lucht Siúil, idir thaifeadtaí cartlainne Margaret Barry agus Pecker Dunne agus thaibhithe beo Thomas McCarthy, Trish Reilly agus Sharyn Ward.

Aimsigh amhránaí

Thomas McCarthy

Rambling Man

Tá an t-amhránaí agus an scéalaí den Lucht Siúil as Biorra, Contae Uíbh Fhailí, le cloisteáil ag Gradam Ceoil TG4 2019, áit ar bronnadh gradam Amhránaí na Bliana air.

TradTG4 ar YouTube

Trish Reilly

Broken Lines

Canann an t-amhránaí is cumadóir a hamhrán féin ag ceolchoirm Bhród an Lucht Siúil i mBaile Átha Cliath in 2019.

Poster Fish ar YouTube

Pecker Dunne

Last of the Travelling People

Bhíodh Pecker Dunne ag canadh agus ag seinm ar an mbainseó ag aontaí, ag ócáidí spóirt agus i gclubanna ceoil. Tá an taifeadadh seo i gcatalóg Emerald.

Emerald ar YouTube

Margaret Barry

She Moves through the Fair

Canann an t-amhránaí sráide agus seinnteoir bainseó in éineacht leis an bhfidléir Michael Gorman ar thaifeadadh a d’eisigh Folkways in 1965.

Smithsonian Folkways ar YouTube

Kitty Cassidy

Lovely Willie

D’fhoghlaim Cassidy cuid mhór dá hamhráin ó chluas óna máthair. Tá an taibhiú seo i gcartlann an Song Collectors Collective.

Song Collectors Collective ar SoundCloud

Rosie McCarthy

Casadh an tSúgáin

Rinne an t-amhránaí as Iarthar Chorcaí an t-amhrán traidisiúnta Gaeilge seo a thaifeadadh don chlár faisnéise Knuck & Knuckle.

The GAFF ar SoundCloud

Mary & Kathleen Keenan

Only That the World Should Know My Name

Canann Mary agus tá a deirfiúr Kathleen á tionlacan sa taifeadadh seo ó Magowna House in Inis, Contae an Chláir.

seanwv6 ar YouTube

Sharyn Ward

One Starry Night

Canann Ward an bailéad Éireannach ag cluiche ceannais Ireland’s Got Talent in 2019. Ó shin i leith tá a cuid amhrán féin eisithe aici chomh maith le hamhráin thraidisiúnta.

Ireland’s Got Talent ar YouTube

Steo Wall

My People

Meascann an t-amhránaí is cumadóir as Baile Átha Cliath ceol tíre agus an focal labhartha. San fhíseán do “My People”, a chuir an Irish Cultural Centre i láthair, feictear cairde agus gaolta leis den Lucht Siúil.

Irish Cultural Centre ar YouTube